Focail breise
Opened this issue · 4 comments
Má tá aon focal gur mhaith leat a chuir sa chluiche, cuir comment anseo.
An liosta focail atá in easnamh go fóil:
- Plurals e.g. nathanna (cainte), tonnta
- Aoine
- Crinn
- Canadh
- Droch
- Gaelach
- Ionsú
- Libh (#1)
- Leat
- Reoite
- Rinne
-
coladhcodladh (ann cheana féin) - maise
A Conor, a chara,
Tá an cluiche go hiontach, bail ort! Dearadh snasta agus leagan amach soléir seolta.
Tá roinnt mhaith focal nach nglactar leothu áfach, go háirithe foirmeacha iolra agus ginideacha. N’fheadar an cinneadh d’aon ghnó é seo. Ba cheart go gceadófaí na foirmeacha seo im thuairim féin, ach fút féin an cinneadh gan amhras.
Seo thíos liosta d’fhocail nár ceadaíodh domsa, agus nár mhiste iad a bheith san áireamh dar liom:
Maise
Tinte
Intinne
Mianta
Mionna
Inste
Cistine
Sinne
Cnis
Beir bua,
Darragh
Darragh, a chara,
Go raibh míle maith agat! Ní raibh an t-am agam a bheith ag obar ar an gcluiche le déaní, ach an chéad uair eile a bheidh seans agam cuirfidh mé do chuid focal sa liosta.
Slán go fóill,
Conor
@darraghuacaoimh , a chara,
Tá brón orm, ach is dóigh liom go bhfuil sé níos fearr do chuid focal a chur sa cluiche níos déanaí.
Chuardaigh mé na focail ar https://www.tearma.ie agus is dócha go bhfuil siad sa foirm iolra no ginideach uatha.
Níl na cineálacha focal seo sa liosta focail atá mé ag baint úsáid as faoi láthair. B’fhearr liom teacht ar liosta nua chun foirmeacha iolra agus ginideach uatha do gach focal a chur isteach sa chluiche ag an am céanna.
Má tá aon liosta focal Gaeilge ar eolas agat a bheidh oiriúnach seol chugaim é le do thoil!
Chuir mé maise sa cluiche inniú mar is ionann an t-ainmfhocal agus an fhoirm uatha ginideach.
Slán go fóill,
Conor